Friday, 11 May 2018

Pivo, piva, pivi

Tábhairne an Rozingarten, séipéal sa chúlra
Tá Ljubljana lán dúlra. Tá crainn agus páirceanna agus goirt bheaga in achan choirnéal den chathair. Tá cúpla áit mhór siúil ann chomh maith a chuirfeadh náire orainn agus muid ag déanamh mórtais de Pháirc na Fionnuisce. Ceann acu is ea an Tivoli. Tá an Tivoli an-mhór ar fad. Tosaíonn sé amach le gáirdíní béasacha smachtaithe, ach de réir mar a shiúlann tú ó thaobh amhain den chrios glas seo ar imeall na cathrach go dtí an taobh eile críochnaíonn sé le dúlra fiáin agus coillte beaga agus cnoic.
Cvetka Bevc, an scríbhneoir a thug léi mé chuig an ócáid
Chuaigh mé chuig léamh inné ag barr an Tivoli, léamh  a rinne ceiliúradh ar chéad bliain ó bhásaigh fear darbh ainm Ivan Cantar. Tráchtaire polaitiúil agus scríbhneoir cruthaitheach a bhí ann. Dé réir mar a thuigim, bhí sé ag tabhairt amach faoin iliomad páirtí polaitiúil a bhí thart sna blianta iarChéad Chogadh Domhanda. Ní athraíonn móran...

Bhí an léamh ag barr mullaigh an Tivoli, áit a bhfuil séipéal, tábhairne agus ionad oidhreachta. Bhí muid amuigh faoin aer ag éisteacht leis na léamha, lucht siúil/reatha/spaisteoireahta ag imeacht soir siar tríd an scaifte. An-neamhfhoirmeálta, an-taitneamach, bíodh is nár thuig mé focal. Bhal, focal amháin. D'fhoghlaim mé focal nua - 'estranka' (páirtí polaitiúil). Taithí nua cultúrtha!

Ag siúl síos an mhala ag deireadh, phioc cara le Cvetka Bevc, Igor, phioc sé cúpla bláth acáise le cur ina omelette sa bhaile. Agus phléigh muid 'pivo' (beoir amháin, 'piva' (beoranna) agus iolra speisialta -i le haghaidh dhá rud, 'pivi' (dhá bheoir).


No comments:

Post a Comment