Wednesday 31 January 2018

#LeabhraFeabhra

Tá Lá 'le Bhríde linn arís. Agus Leabhra Feabhra. Tá an chéad lus cromchinn den earrach sa gháirdín tosaigh - an-luath ar fad.
Tháinig mé ar bheart beag leabhrach feabhrach ar an táirseach inniu. Míle buíochas, Bridget Bhreathnach agus Cló Iar-Chonnacht.
Beidh mé ag súil lena léamh i rith an earraigh seo - fuar feanntach mar atá sé inniu, ní bheidh mé siúlach ach beidh mé scéalach.

Agus seo #LeabhraFeabhra Leictreonach d'éinne gur mhaith leo é - http://focaileile.ie/uploads/work/is_iomai_cor.pdf

M tá éinne i mBéal Feirste amárach ag am lóin amárach, Lá le Bhríde/Imbolc, beidh Pádraigín Ní Uallacháin, mé féin agus Antaine Ó Donnaile ag ceiliúradh na féile le ceol is le litríocht ó bhéal.

Solas na gréine ag pilleadh arís - an-fháilte roimhe, is cuma cé chomh fuar leis an lá!

No comments:

Post a Comment

Note: only a member of this blog may post a comment.