Tuesday 25 July 2017

Téann triúr go Bled


Tá teaichín sa choill taobh le Loch Bled ag Aontas na Scríbhneoirí Slovéineacha. Níl sé galánta, níl wifi ná fón ná teilí ná aon rud eile ansin le tú a cheangal leis an domhan taobh amuigh den choill. Ach tá se ciúin agus iargúlta agus thig leat go leor oibre a fháil déanta ansin. Rud a rinne muid - mé féin, Áine Ní Ghlinn agus Cvetka Bevc.


Is ansin a thuig mé cé chomh gar do na hailp is a bhí muid. Bhí an spéir ag síorathrú, agus an aimsir leis. In amanna bhí na sléibhte os ár gcomhair amach soiléir agus sofheicthe, in amanna eile bhí siad clúdaithe le ceo is le scamaill.


Ciallaíonn 'Bled' míliathach, mífholláin. Tá seanscéal ann mar gheall ar na síógaí bána a chónaigh ansin, ach tá mé i lár an scéil sin a scríobh, agus fágfaidh mé an scéal go fóill go dtí go mbeidh sé réidh. Tá loch eile síos an bóthar, Loch Bohinj,  focal a chiallaíonn 'ar leaba an bháis', deirtear liom.


Tá oileán naofa i lár an locha, oileán a bhí naofa ag Críostaithe agus ag pagánaigh rompu siúd. Téann gondolas isteach agus amach chucu, ach dar liom féin ní fiú an turas. Ní fhaigheann tú go leor ama istigh agus níl aon rud le feiceáilann nach bhfuil le feiceáil thart ar bhruach an locha. 


Is fearr i bhfad siúl suas chuig an Grad ar bharr na binne. Siúl dian ach is fiú an turas é. Tá iarsmalann bheag ann agus idir í sin agus na seomraí poiblí  éagsúla agus an bhialann agus an caifé d'fhéadfá mórchuid an lae a chur isteach ann. 


Bheinn sásta fanacht an lá ar fad ag breathnú anonn ar Ailp Iúil ón teaichín sa choill, ar na scamaill is ar an cheo.

No comments:

Post a Comment

Note: only a member of this blog may post a comment.