Friday 27 May 2016

Schiphol

Tá mé ar mo bhealach abhaile. Sa deireadh. Seacht seachtainí de chónaitheacht scríbhneoireachta sa Fhreaslainn san Ísiltír.

Sa deireadh. Cad chuige a deirimse é sin? Mar nach raibh an lucht eagraithe sa Fhreaslainn eagruithe. Agus is mise, an scríbhneoir a thaisteal agus a rinne atheagrú ar a saol ar feadh an tréimhse sin atá thíos leis. Chan iad féin. Tá siad ag iarraidh aischothú anois, chun rudaí a éascú don chéad scríbhneoir eile. Seo é:

Lonnaítear an scríbhneoir in áit éigin gur féidir léi Freaslainnis a chluinstin. Áit nach bhfuil an Ollainnis in uachtar.

Ná tugtar cuireadh do scríbhneoir an saol a chur as a riocht ar feadh dhá mhí gan iarracht a dhéanamh fáilte ceart a chur roimpi, in áit í a dumpáil in árasán agus a fhágáil ansin ar feadh trí sheachtaine léi féin. Sa dóigh is nach rachaidh sí abhaile ar feadh tréimhse le haghaidh briseadh beag agus teagmháil daonna agus comhrá le daoine.

Cuirtear an scríbhneoir sin in aithne do dhaoine eile sa phobal teanga, is cuma an bhfuil sibh mór leo nó nach bhfuil. Is cuma an aontaíonn sibh leo nó nach n-aontaíonn. Ná fág í mar a bheadh bean rialta faoi ghlas inti i gclochar druidte ar feadh an ama. Bíonn comhluadar agus corrdheoch istoíche ó scríbhneoirí chomh maith le cách. Ní ar scáth Netflix a mhaireann na scríbhneoirí...

Má dhéanann sibh socrú leis an scríbhneoir ócáid nó cruinniú bheith agaibh léi, ná cuirtear an ócáid ar ceal mar go bhfuil an aimsir go maith, nó mar go bhfuil an aimsir go holc. Agus ná cuir an ócáid ar ceal gan a inse di...

Ná himígí libh agus í a fhágáil gan chuideachta gan chomhluadar ar feadh an tréimhse. Seiceáil isteach anois is arís. Go gníomhach. Is strainséar í i dtír choimhthíoch. Tabhair aire do d'aoi.

Má eagraíonn sibh go ndéanfaidh sí freastal ar ócáid, ba dheas an ócáid sin bheith dírithe ar an Fhreaslainnis, chan ar an Ollainnis. Níl mé á rá go dtuigfidh sí an difir, ach bheadh sé deas an sprioctheanga a bheith thart ar an scríbhneoir.

N.B. Tuigtear go bhfuil sé seo dírithe ar an eagraíocht Fhreaslannach. Ní raibh páirt dá laghad sa phraiseach seo ag an eagraíocht anseo in Éirinn. Beidh scríbhneoir Slóvéineach ag teacht chugainn in Éirinn an mhí seo chugainn. Cuirimis fáilte roimpi - fearadh na fáilte!

Casadh daoine deasa orm sa Fhreaslainn - de thaisme. Nó, in ainneoin Tresoar, in áit de bharr Tresoar. Mór an trua go raibh an tréimhse seo chomh trína chéile agus bunoscionn. Sin é an t-aischothú is gonta. Mór an trua, ócáid imithe le fána.





Monday 23 May 2016

Fier dyn frije taal


Bain sult as do shainteanga féin - tá sé níos milse i bhFreaslainnis. Fíor den Frí Tál.

Láthair na hoíche - an Koepeltheater - séipéal
Bhí mé ag léamh cúpla dán i nGaeilge ag ceiliúradh teangacha uile na Freaslainne oíche hAoine seo caite. Thug Janna Van Der Meer, file Freaslannach, cuireadh domh. Bhí sí á reachtáil mar chuid de Ljouwert/Leeuwarden bheith ina cathair cultúrtha sa bhliain 2018.
Janna van der Meer
Bhí daoine le teangacha éagsúla na Freaslainne ag aithris píosaí - dánta agus eile - ag ceol, agus ag caint ar ealaín le linn na hoíche. Ní amháin teangacha éagsúla ach canúintí éagsúla. Liwarders, mar shampla, a labhraíonn siad i Ljouwert - meascán idir ollainis agus freaslainnis, Bildts, a labhraíonn siad ar an talamh 'nua' idir an seandíog atá míle bliain d'aois agus an díog nua, atá cúpla céad bliain d'aois. Meascán é seo idir ollainnis agus freaslainnis ach nach bhfuil díreach ar nós Liwarders. Agus eile. Gaeilge ina measc, an oíche áirithe seo.


Seanséipéal Cailvíneach is ea é an Koepeltheater. Úsáidtear mar shéipéal i gcónaí é, ach bíonn imeachtaí sóisialta ar siúl ann chomh maith.

Matty de Vries le páistí, ag léamh píosaí a chum siad féin i bhFreaslainnis, in Ollainnis agus i mBéarla
http://www.greetjebijma.com/nl/
Bhí oíche phléisiúrtha ann, agus sóláistí. An ealaín ata le feiceáil sna piceanna thuas, is le Reindeer van der Leest é.

Wednesday 18 May 2016

Vlieland

Gerda Posthumus, file pobail Vlieland
'Caithfidh tú cuairt a thabhairt ar na hoileáin' a dúirt go leor daoine liom. Fiú Alex Hijmans sa Bhrasail, trí Twitter. Dúradh liom gur ansin a labhair daoine Freaslainnis 'níos glaine' ná go leor áiteacha eile sa Fhreaslainn. Sna hoileáin. D'eagraigh Tresoar an t-oileán agus an ócáid - seans labhairt le file pobail Vlieland - agus chuaigh mé.
an port ag Oost-Vlieland
Is oileán mór é Vlieland. Eolas anseo. Bhí an t-am ann go raibh an t-oileán seo taite leis an chuid eile den Ísiltír agus leis na hoileáin eile amuigh idir an Waddenzee agus an Mhuir Thuaidh. Míle bliain ó shin ní raibh aon Waddenzee ann, ach talamh bog agus tais, agus corcach, agus riasc. Thóg na daoine a chónaigh sa cheantar ardáin thirime le cónaí ann, darbh ainm 'terpen', agus tá siad le feiceáil go fóill ar an mhórthír. Ach nuair a thosaigh siad ag tógáil díog mór fada d'athraigh siad patrún na sruthanna mara i ngan fhios daofa féin. Rinneadh muir éadomhain den bogach de réir a chéile, an 'Waddenzee' (wadden + zee = muir na mblár láibe). Rinneadh oileáin nua de thalamh a bhíodh mar chuid den mhórthír.  Fiú inniu bhí an bád ag suaitheadh na láibe thíos faoi agus bhí an fharraige broghach, smúitiúil.
An Ísiltír ag bun na spéire
Tuigeann tú i gceart gur Tír Iseal atá i gceist nuair a fheiceann tú tírmór ón fharraige. Níl ann ach líne íseal ag bun na spéire, le corrthúr eaglaise, nó muileann gaoithe. Níl aon chnoc ná sliabh leis an tír a scagadh ina ngiotaí inaitheanta. Ní nach ionadh gurb iad na hÍsiltírigh a d'fhorbair déanamh léarscaileanna agus cairteacha mara san Eoraip.

An díog a ritheann ar an taobh thoir theas den oileán
Bhí an t-oileán féin mar chóir leighis d'Éireannach a bhí ag tnúth le héagsúlacht tírdhreacha, caithfidh mé a admháil. Ar an taobh thoir theas bhí an baile - Oost-Vlieleand, Vlieland Thoir. Bhí Vlieland Thiar ann lá den tsaol ach shlog an t-uisce é, sa deireadh. Atlantis Ollannach.
Agus an díog - ar ndóigh - a chuir smacht agus slacht ar an fharraige. Ach ar an chuid eile den oileán bhí ardáin agus crainn agus dumhaigh agus trá. Tá coillte beaga ar an oileán, agus tránna a shíneann ar aghaidh agus ar aghaidh agus ar aghaidh. Ceol éin, búireadh na dtonn, suaimhneas. Ola ar mo chroí.
coillte ar na hoileáin, iarsmaí den sean-íseal-tír
Dumhach, agus trá

Rugadh duine de na filí is mó tionchair (in Ollainnis) ar an oileán. Jacob Slauerhoff. Eolas anseo.  Agus dán dá chuid anseo. 
Jacob Slauerhoff

Ach fillimis ar Gerda Posthumus. Cheap an Burgomeister (an Méara) mar fhile pobail í. As Groningen di ó dhúchas, tá naoi mbliana déag caite aici ar an oileán anois, pósta ar fhear ón oileán.
Thosaigh sí ag scríbh sa bhliain 2006. Ba bhanaltra í roimhe sin. Úsáideann sí an fhilíocht mar uirlis leis an domhain thart uirthi a mhíniú. Dar léi, tá ionannas idir scríobh na filíochta agus cónaí ar oileán.  Is domhain bheag di féin í an fhilíocht, agus pléann filíocht le cúrsaí ar mhodh atá srianta agus gearr. Agus dar léi, tá an nádúr iontach tabhachtach don fhilíocht. An rud atá thart uirthi ina saol laethúil, mar sin, léiríonn sí ina cuid filíochta é.
lagtrá
Tá mana acu ar an oileán, go n-athraíonn tú le gach turas isteach nó amach. Nuair a thagann tú isteach, tugann do chéadfaí an t-athrú faoi deara sa solas, sa bholadh, sa suaimhneas. Tá 'am eile' acu ar an oileán.

Aithníonn sí go bhfuil an saol gearr. Nuair a thagann cuairteoirí isteach chuig an oileán, bunaítear cairdis nua, dlúthchairdis a bhíonn gearr. Tá cailliúint agus imeacht i gceist. Mar an gcéanna, nuair a fhaigheann oileánach bás, siúlann lucht an tórraimh síos an phríomhsráid agus thar an teach aici féin. Druideann sí na cúirtíní le teann ómóis don duine marbh atá sa chónra, ag gabháil thar an doras. Bíonn aithne ag gach oileánach ar na hoileánaigh uilig eile. Le himeacht na mblianta, amharcann siad ar a chéile ag éirí crapálta, agus tinn, agus sean. Mar sin tá cailliúint ann go rialta agus i gcónaí. Séard a deir sí féin, 'tá tú anseo, ach níl tú anseo'. Níl an dara suí ann ach muinín a bheith agat as an tsaol agus as a dtagann chugat i rith d'ama anseo.

Tá an t-oileán tabhachtach di mar áis mhachnaimh dá cuid filíochta. Siúlann sí tríd na coillte agus síos an trá go minic - rud nach mbeadh ar fáil di ar thírmór. Ach ar ndóigh, mar a deir Gerda í féin, 'bíonn tú sofheicthe i rith an ama'. Níl aon áit le gabháil ar oileán chun tú féin a chur i bhfolach. Is dóigh léi go ndéanann an ghné seo de shaol oileáin a cuid filíochta níos géire agus níos glice. Caithfidh sé bheith amhlaidh. Ríomhann sí gur scríobh sí dán meafarach bunaithe ar eachtra a tharla idir í fein agus an fiaclóir áitiúil. Bhí ruaille buaille ann ó go leor d'aicme 'coiléar bán' an oileáin, ach mar gheall ar an dán bheith inaithnid, meafarach, ní raibh aon rud a bhféadfaidís a dhéanamh. Sheas an dán mar a bhí. Ach tá mé ag déanamh nach mbeidh siad ró-mhór léi anois...

Bhí eagla ar Gerda roimh an fharraige nuair a bhí sí beag. Bhí an fharraige ró-oscailte, ró-mhór don chailín beag. Ach anois is bean oileáin í agus úsáideann sí na mothúcháin seo ina cuid filíochta. Úsáideann sí an fharraige ina cuid filíochta mar mheafar - ainmhí fiáin, nach bhfuil insmachtaithe. Nuair a thugann sí turas ar thírmór, agus nuair a chronaíonn sí an fharraige, ní dhéanann sí ach siúl cois canáile. Tugann an t-uisce iontu ardú meanma di.

na báid amuigh ag iascach
Thug an bhúiríl mara agus an trá fhada ghaineamhach agus na coillte ceolmhara ardú meanma domh féin, caithfidh mé a rá. Chuir sé mo thír féin i gcuimhne domh. Bíodh is nach bhfuil cumha orm, thug sé le fios domh go raibh faoiseamh anama le fáil as na gnéithe sin a bhfuil taithí againn orthu.

Agus i ndiaidh cúpla lá istigh ar an oileán, bhí orm teacht ar ais - tagann an bád isteach go Harns/Harlingen. Crainn seoil ar an fharraige, crainn seoil ar na canálacha, fite fuaite tríd an bhaile agus neadaithe isteach i measc na dtithe. 
Dála an sceil, níl an crann tógála gorm agus bán sin in úsáid a thuilleadh. Thig leat é a thógáil ar cíos mar sheomra/stiúideo, mar thurasóir, más mian leat...


Iarmhír:
Tabharfar faoi deara gur Tresoar a d'eagraigh an turas seo. Is saghas Foras na Freaslainnise é Tresoar. Ní raibh aon bhaint aige le heagraíocht ar bith in Éirinn. Chuir Tresoar chuig oileán ina labhraítear hollanders, chan Frysk mé. An file pobail a chuir ar mo shúile dom é sin. Ní raibh Frysk á labhairt ar an oileán seo riamh. Tá mé cinnte, nuair a thagann an chéad scríbhneoir mionteanga ó thír eile go hÉirinn, tá mé cinnte dearfa nach n-eagróidh aon eagraíocht Gaeilge turas go hoileán Galltachta. Níl muid chomh holc agus a shíleann muid ó thaobh cúrsaí teangan, a dhaoine uaisle.

Sunday 15 May 2016

Starum


Bean Starum
Cinneann gach comhairle áitiúil cé acu an úsáidfear an leagan Ollainise nó an leagan Freaslainnise den logainm dá gceantar. Bíodh is gur léigh mé Leeuwarden/Ljouwert ar an bhaile a bhfuil mé ann, níl ach ainm amháin oifigiúil ar an áit - Leeuwarden. Níl aon Dingle/Dangle/Uí Chúise anseo. Déantar an cinneadh agus, cloítear leis. Beart de réir briathar.

Dingle/Dangle/Uí Chúise a tháinig isteach i mo cheann agus mé ag siúl thart ar Stavoren/Starum an lá cheana. Baile beag pléisiúrtha cois farraige atá ann, atá níos Freaslannaí - ar nós poiblí, sofheicthe - ná Leeuwarden. Ach thug an sofheictheacht sin le fios dom go bhfuil an fhreaslainnis ag athrú ar ráta níos fadálaí ná an ollainis - mar a fheictear thíos. Tá an Ollainis ag athrú ar ráta an-tapaidh, ag imeacht go gasta, i ndáiríre, faoi bhrú ag an Bhéarla. Deich mbliain eile agus ní bheidh ann ach pidgin den Bhéarla, Ach ní cúis imní é sin don ghnáthOllannach, is cosúil. An rud atá thart, tá sé thart, dar leo.

Ollainnis ar a bharr, freaslainnis ag a bhun
Starum, Stavoren. Bíonn an leagan Ollainise in úsáid i Stavoren. Starum an leagan Freaslainnise. Is ionann '-um' agus 'baile'. Baile beag a bhí níos tabhachtaí agus níos saibhre ná Amsterdam, tráth. Dúradh go ribh siad chomh saibir sin is gur d'ór a rinneadh namurláin ar na doirse sna tithe. Ach nuair a thóg siad na díogana móra, thráigh an fharraige agus ní raibh na báid mhóra trádála in ann teacht i dtír chucu ansin a thuilleadh. Laghdaíodh tábhacht Freaslainne agus bhog an saibhreas agus an trádáil go hAmsterdam. D'imig sin agus tháinig seo - baile beag deas.

Tá seanscéal fágtha acu go fóill faoi Bhean Starum, óinseach amaideach de bhaintreach. Fothéacs ag gabháil leis, ar ndóigh, go n-imíonn bean shingil ó smacht agus ó rath. An gnáth-theachtaireact in go leor seanscéalta béaloideasa de thuaisceart na hEorpa. Tá dealbh di sa phort, agus is móitíf í tríd na siopaí beaga agus greanta ar na carranna ón bhaile.

taobh amuigh den siopa búistéara
ar bhúit an chairr
Bhí mé in Starum ar chuireadh ó Lies agus Jannes. Léigh an bheirt seo fúm sa Leeuwarden  Courant. Taithíonn siad Béara go minic agus thug siad cuireadh le croí mór domh gabháil agus cuairt a thabhairt orthu féin ansin.


D'fhoghlaim mé níos mó faoin Fhreaslainnis, an Ollainnis agus teangacha eile nach iad taobh istigh de mhaidin amháin ná a d'fhoghlaim mé ina iomlán go dtí seo. Bhí muid inár suí sa chistin leis an dathadóir -Gearmánach a labhair Gearmáinis agus Freaslainnis agus Ollainnis - agus bhí an giob-geab nádúrtha, neamhacadúil, réadúil. Freaslannach bródúil é Jannes. Thug sé roinnt Freaslainnise uaidh agus d'inis an bheirt acu faoi na báid atá acu ansin.

Tá bun cothrom ach, mar go bhfuil na huiscí sna canálacha éadomhain. Mar sin bíonn píosaí (?!! ní bádóir mé) ag an taobh chun iad a stiúradh. Ligtear an cláir mhóra seo agg taobh an bháid síos agus suas de réir mar is gá. Bíonn rásaí acu thart ar na hoileáin, díreach mar a bhíonn againn féin leis na báid mhóna.

Tá bád níos lú, níos sine ann chomh maith agus déanann siad rásaíocht leis siúd chomh maith.

Bhí an chaint sa chistin an-spéisiúil. An Béarla tríd an Ollainis, an Fhreaslainnis in iomaíocht leis an saol nua, an meascán teangacha acu sa cheantar beag sin. Gronings in Groningen, Ollainnis trasna an sunda san Ollainn ó thuaidh (Holland), 
Tá stáisiún traenach Hielter píosa maith amach ón bhaile féin
Síos an bóthar ó Starum tá Hielter/Hindeloopen. Tá teanga dá gcuid féin acu sa bhaile bheag sin, meascán idir an Fhreaslainnis agus an Ioruais. Ach is teanga teaghlaigh rúnda í. Ní thuigeann lucht Starum í, ní thuigeann lucht na hIorua í. Agus tá an baile beag bídeach - níos lú ná míle duine ina gcónaí ann. Teanga bheo thar na céadta bliain.

Thursday 12 May 2016

Comhthéacs cultúrtha


Bhí aithne agam ar bhean as Páras a chaith saoire gach bliain i nGleann Cholm Cille. Ba é ceann de bhuaicphointí a seachtaine ná an Biongó sa halla pobail. Bhí dúil as cuimse aici ann. Nuair a chuir mé pus orm faoin bhiongó céanna, mhínigh sí gur 'eispeireas cultúrtha' a bhí ann di. Bhí sí sásta.

Bhí 'eispeireas cultúrtha' agam aréir. Ceann de bhuaicphointí cultúrtha i mbliain teilifís Fryslân, Omrop Fryslân, Diktee - comórtas deachtaithe i scríobh na Freaslainnise. Fuair mé an cuireadh ó Janneke Spoelstra, an file Freaslannach. Ní raibh sí cinnte an gcuirfinn spéis ann. Ní raibh mé féin cinnte, Ach bhí sé ina eispearas.

Chuaigh mé isteach i bhfoirgneamh an rialtais áitiúla - an Provinsjehûs.  Foirgneamh nua de mharmair agus gloine agus miotal ar an taobh amigh.

Ach taobh istigh...
Mirjam Vellinga (Afûk) , Hindrik Sijens agus Janneke Spoelstra (Fryske Akademy), roimh an chlár


Thóg na Freaslainnigh dhá bhliain leis an seanfhoirgneamh a chaomhnú agus a neadú isteach san fhoirgneamh nua. Bhí an seanfhoirgneamh ina halla rialtais le fada an lá roimhe sin, tá stair fhada ag an daonlathas sa Fhreaslainn. Tá armais na n-iarArdTiarnaí ar an síleail sa halla lárnach. Chuir sé Halla na Cathrach i mBaile Átha Cliath i gcuimhne dom, áit a bhfuil armais na n-ArdMhéaraí thar na blianta in airde ar an bhalla sa Seomra Darach.



Domsa, be é an foirgneamh réalt na hoíche. An seanadhmad, an gloine daite, an stair i ngach orlach de. Agus ach gurb é an cuireadh ó Janneke, duine den fhoireann breithiúnais, ní bheadh a fhios agam go raibh an seod seo ann. Ní fhaigheann daoine ón gnháthphobal seans gabháil isteach de ghnáth chuig an seomra seo, ná chuig an chlár teilifíse seo ach an oiread.

Iris van der Wal, Douwe Heeringa , Welmoed Sijtsma: réaltá ón raidió agus ón teilí.  
Bhí an clár féin . . . mall. Chuir sé i gcuimhne dom nuair a bhíodh deachtú le déanamh againn ar scoil. Léadh an píosa amach síos tríd uair amhain. Ansin léadh amach é i bhfrásaí gearra. Scríobh daoine. Ceamaraí á leanstan.

níor eitil an t-am i rith an chead chuid den taifead...
Thuig mé cad chuige a raibh a leithéid de chlár curtha ar fáil agus iad ag obair tríd an rud, go mall, fadalach. Tá leibhéal labhartha na Freaslainnise sásúil, dar leis na Freaslainnigh, ach tá leibhéal scríofa na teanga an-íseal ar fad. Ní mhúintear í mar ábhar scoile ach ar feadh cúpla uair sa seachtain, agus tá sé de rogha ag scoileanna í a fhágáil ar leataobh ar fad ó aois 14+.

Idir é sin agus athruithe sa litriú lena athnuachaint, easpa ábhar léitheoireachta sna meáin agus síorthroid leis an litriú Ollainise atá gar dó, bíonn ceartscríobh na teanga ina ábhar bróid ag Freaslannóir díograiseach. Bhí go leor den lucht scríofa sa halla ag déanamh iontais d'fhocail a bhí nua-cheaptha maraon le focail nár chuala siad iomra orthu roimhe sa sliocht a léadh amach.


Bhí mé ansin mar aoi de dhuine den lucht ceartúcháin, Janneke Spoelstra. Lean mé isteach sa seomra ceartúcháin í. Bhí sé chloigeann fichid acu ann, mar lucht ceartúcháin. Agus timpeall daichead duine fásta, idir óg agus aosta, a bhí ag cur isteach ar an ghradam.

an lucht ceartúcháin - Beart Oosterhaven agus daoine eile ón Fryske Akademy, Afûk agus  Cedin 
Agus ansin tógadh isteach ar ais sa halla iontach muid le gabháil tríd an phíosa a léadh amach - focal ar fhocal.

Mirjam Vellinga, Sietse de Vries (iriseoir/úrscéalaí a scríobh an píosa) agus Karen Bies (Omrop Fryslân)
 Bronnadh an gradam. Píosa amaidí,  'Díon órga' a bheir siad air, ag tagairt don aiceann cuar a chuirtear thar roinnt gutaí sa teanga -  'û'. Déanta de chairtchlár ab ea an bonn a crochadh thar mhuinéal an bhuaiteora, ach ba léir gur gradam dáiríre é ó taobh stádas i measc na bhFreaslannach é, agus go raibh daoine urramach i dtaobh an bhuaiteora céanna .

Fedde B.  Dijkstra (Wurdum), úrscéalaí bleachtaireachta 
Bhí orainn ar fad foirm a shíniú, a rá nach scaoilfimis an rún - ainm an bhuaiteora - roimh a sé a' chlog an lá dar gcionn, am a gcraolfaí an clár. Ar ndóigh, nuair a thugann Freaslannnach móid, is léir go ndéanfar beart de réir briathar.






Saturday 7 May 2016

Ensafh


Bhí mé díreach ag déanamh nach raibh duine ar bith sa Fhreaslainn buartha faoin Fhreaslainnis. Ansin bhuail mé le heagarthóirí Ensafh. Séard atá in Ensafh ná an t-aon iris liteartha amháin atá ann sa Fhreaslainnis, saghas meascán de Feasta agus An tUltach agus Comhar uilig le chéile. Tá iris cultúir ghinearálta ann, Moanne.


Tá Janneke Spoelstra agus André Looijenga ina n-eagarthóirí agus scríbhneoirí Frysk. Tá a bpaisean soiléir. Is é André an chéad duine go dtí seo a casadh orm a bhaineann úsáid as na leaganacha Frysk do logainmneacha seachas leaganacha Ollainnise.

Roinnt fíricí faoi Ensafh:
Tá sé ar fáil ar an idirlíon agus mar chóip crua.
Is beag siopa ina mbíonn sé ar díol.
Tá trí chéad síntiúsóir acu.
Thosaigh sé sa bhliain 2009, nuair a tháinig an iris páipéir Hjir (anseo) agus an iris idirlín Farsk le chéile chun foilseachán níos láidre a bhunú.
Faigheann sé tacaíocht airgeadais tríd an rialtas áiltiúil sa Fhreaslainn - go fóill beag - ach athraíonn na coinníollacha maoinithe go rialta.

Níl aon nuachtán uile-Fhreaslainnise ann. An t-alt a scríobhadh fúm sa nuachtán áitiúil, an Leeuwarden Courant, bhí sé in Ollainnis agus Béarla (an físeán).  Úsáidtear Freaslainnis mar Fhreaslainnis nuair a luaitear tagairt dhíreach ó fhoinse labhartha, mar shampla, a bhí André ag míniú domh. Ach is tagairt Freaslainnise i lár ailt Ollainnise.
Ach níos spéisiúla domhsa, luaigh sé go bhfuil 50% de na fógraí báis sa Fhreaslainnis sa nuachtán.

Is léir go bhfuil an-eolas ag Janneke agus André agus tá siad toilteanach an t-eolas sin a roinnt. . Bhí smaointe agus eolas agus cúlra á chur romham taobh istigh de dhá uair a' chloig mar gheall ar stair na teanga, socheolaíocht an cheantair, fealsúnacht agus creidimh. Thaitin an comhrá go mór liom.

Ba chruinniú príobháideach é seo a d'eascair ón alt sa nuachtán, ní ón tionscnamh Focail Eile. Is mór an trua nár smaoinigh lucht eagraithe  Oare Wurden ar an chruinniú seo a chur le chéile iad féin leis na foinsí eolais agus maoinithe atá acu féin. Seans go bhfuil mé meallta, ach níl imprisean iontach maith faighte agam go dtí seo go fóill faoi chumas eagraithe an tionscnaimh seo.

Ach níor mhaith liom críochnú le diúltachas. Seo cúpla pic go háirithe do Mise Áine. Is ina baile féin, Bun Cranncha, a chéadleag mé súil ar na leabharlanna beaga saora  seo. Cófraí adhmaid in áiteanna poiblí, le leabhair istigh ann. Tógann tú leabhar, fágann tú leabhar. Níl aon chostas.

Chonaic mé cúpla ceann thart ar Ljouwert go dtí seo. Ceann acu - thíos - i ngairdín tosaigh príobháideach atá buailte leis an chosán sráide. Sin taobh pragmatach den tír seo - ná habair é, déan é, mar a déarfadh muintir Mhic Sheáin i mBéal Feirste.



Ach ar ndóigh, is in Ollainis atá na leabhair ar fad!

Thursday 5 May 2016

Lá saortha



Féile eile arís. Féile dhúbáilte, mar a tharlaíonn. Inniu Lá Saortha na hÍsiltíre - ó na Gearmánaigh, i rith an dara cogadh domhanda. Agus inniu Déardaoin Deascabhála. Féile mhór anseo, agus an dá cheann ar an lá céanna i mbliana. Rachaidh an fhéile ar aghaidh ceithre lá, ag críochnú Dé Domhnaigh, Domhnach Deascabhála.
Bhí an-iontas ar mo threoraí nach raibh muid féin mar an gcéanna, ag ceiliúradh féilte uile na Críostaíochta, mar go raibh glacadh leis go raibh Éireann an-ghafa le cúrsaí creidimh. Ach is deireadh seachtaine fada anseo, agus cuid mhaith daoine imithe ar saoire. Ach mar a fheicfeas muid ó na pictiúirí, tá go leor acu fán bhaile go fóill, agus ag baint suilt as an dea-aimsir.


In Ljouwert, beidh ceolchoirmeacha agus taispeántais ar na sráideanna go dtí go mall anocht. Beidh daoine óga ag ól a gcuid leanna ón sármhargadh ar na sráideanna agus na páistí imithe a luí. Oíche go maidin!
Wiebe Kaspers
Tá roinnt de na heagraíochtaí pobail agus eagraíochtaí idirnáisiúnta ar an láthair chomh maith. Ar cheaann acu seo tá 'Tumba', grúpa pobail a ghníomhaíonn in éadan  idirdhealaithe sa cheantar. Bhí yurt acu inniu agus cainteanna istigh ann ó inimircigh ón tSomáil mar gheall ar a dtaithí sa tír.
Ní mé an fáth taobh thiar de yurt bheith ann - ach geallaim daoibh, bhí sé te faoin ghrian sin inniu.