Wednesday 12 October 2016

Cuaifeach


Bhí oíche phléisiúrtha ann aréir ag IMRAM i Smock Alley. Bhí Séamas Mac Annaidh ansin, ag léamh ón chéad leabhar a d'fhoilsigh sé riamh. Bhí Steve Cooney á thionlacan le ceol. Bhí sé pléisiúrtha, corraitheach. Conas leabhar 254 leathanach a choimriú in uair a' chloig? Leabhar craiceáilte, ainrialta, leis? D'éirigh le Séamas, agus thug se léamh bríomhar, beoga, ag baint gáire asainn agus ár gcur ag machnamh i rith an ama.

Chuir mé aithne ar Shéamas Mac Annaidh don chéaduair ar an ollscoil. Ollscoil Nua Uladh, i gCúil Raithin. Bhí muid beirt araon ag gabháil don bhunchéim sa Ghaeilge. Bhí an rang beag - ní raibh thar fiche ann - agus bhí an chaifelann ag bun an staighre. Ar an dóigh sin, d'éirigh achan duine mór l'achan duine eile sa rang, sa ghaeltacht bheag sa choirnéal. Ba mhó an méid a d'fhoghlaim tú thar do mhuga tae ná sa léachtlann, in amanna.

Sheas Séamas amach ón chuid eile den scaifte ón tús. Punk a bhí ann. Ghearr sé a ghruaig féin, agus a rian siúd air, agus ba chuma leis. Labhair sé l'achan duine faoi achan rud faoin spéir - fealsúnacht, stair, teangeolaíocht, polaitíocht.  Níor ól sé. Bhí an chuid eile againn thíos sa Uni Bar ag ól ár sáith i rith an 'Uair Shona' a bhí acu go rialta agus gan aige ach a bhuidéal Coke... Ach ba leor é sin dó. Bhí sé craiceáilte go leor gan alcól. Fiche míle smaoineamh in achrann lena chéile.

Foilsíodh 'Cuaifeach mo Londubh Buí' sa bhliain 1983. Tháinig ord agus eagar ar an fhiche míle smaoineamh sin - saghas! Bhuail punk na n-ochtóidí le fíorghaelachas an tuaiscirt, cuimhní cholaiste samhraidh agus miotaseolaíocht Ghiolgamais. An-oideas go deo, agus ceann a chaithfear a léamh lena bhlaiseadh i gceart. Cur chuige trialach le struchtúr ar leith a tharla go hannamh i litríocht in aon teanga a bhí ann. Nuair a chuimhnímid go raibh an t-údar ag tús a shaoil scríbhneoireachta agus díreach i ndiaidh theacht amach as an choláiste lena bhunchéim ina ghlac aige is amhlaidh gur mó measa atá againn air.

Dúirt sé liom ag an am gur scríobh sé an chéad dréacht iomlán den leabhar taobh istigh de shé seachtainí, ag an tábla sa chistin, ag obair de lá agus d'oíche - beag beann ar mhuintir eile an tí (a mhuintir in Inis Ceithleann). Tá beocht agus luas sa leabhar a thagann ón dréachtú gasta seo, is dóigh liom. Agus an t-ádh leis go raibh Mam fhoighdeach aige!

Tá roinnt mhaith leabhar tagtha óna pheann ó shin, chomh maith le páirt a ghlacadh i sraitheanna teilifíse agus raidió thar na blianta.

Go raibh do pheann i gcónaí fliuch, a Shéamais.




No comments:

Post a Comment

Note: only a member of this blog may post a comment.