Tuesday 26 January 2016

Dáta don dialann



8ú Marta. 
Lá Idirnáisiúnta na mBan. 

Ón uair gur bhuail mé isteach chuig mo chomharsa agus gur tharraing mé í féin agus a deirfiúr amach as a dteach siúd agus isteach i mo cheannsa le buidéal Cava a oscailt in onóir an lae agus gan a fhios acu go raibh a leithéid d'fhéile ann, tá mé ag déanamh rud éigin beag lena cheiiúradh ó shin. Takeaway Síneach, gloine fíona, scannán gur mhaith liomsa a fheiceail - 'no, ní thig libh an yokey a thógail, tá Mamaí ag amharc Air Seo'.
Críona Ní Dhálaigh, ArdMhéara
Chan i mbliana. Ní bheidh an ceiliúradh beag i mbliana. Bhí mé ag ócáid i dTeach an ArdMhéara roimh an Nollaig leis An Pholaiteoir agus mar a tharlaíonn, bhí mé ag caint leis an ArdMhéara. Ach ar ndóigh, tá seanaithne agam ar an ArdMhéara áirithe seo, ón aois réamhpholaitíochta. Críona Ní Dhálaigh, Gaeilgeoir agus bean le croí mór maith i bhfad sular tháinig polaitíocht isteach sa saol ag ceachtar againn.

Tá an croí mór maith aici go fóill. Níor theip air sin. Luaigh sí an oíche sin roimh Nollaig gur bhreá léi rud éigin Gaelach a chur ar fáil do phobal Átha Cliath ar Lá Idirnáisiúnta na mBan. Chuir sí an dáta in airithe sa dialann aici. Tháinig sí ar ais i dteagmháil. Tá an Seomra Darach ar fail, tá soláistí ar fáil. Agus anois, tá scríbhneoirí ar fáil.

Coinnígí an dáta sa dialann agaibh féin. 8ú Marta. Ag tosú ar a seacht trathnóna, ar an bpointe. Beidh daoine ag léamh.

Caithfear a rá, chuir gach scríbhneoir a h-ainm chun tosaigh sula raibh aon phingin airgid ar fáil daofa. Bhí siad sásta an t-áiméar a chur sa
dialann gan an phingin rua féin a bheith san aireamh. Tá mé impressed. Tá maoiniú faighte ó shin do na scríbhneoirí ó IMRAM - buíochas mór ag dul daofa siúd.



Éilís Ní Dhuibhne Almqvist
 Úrscéalaí, drámadóir, scoláire í Éilís Ní Dhuibhne. Os cionn 25 leabhar foilsithe aici, idir úrscéalta, gearrscéálta, agus ábhar taighde. Múineann sí Scríbhneoireacht Cruthaíoch i gColáiste na hOllscoile, BÁC. Ball de Aosdána agus Ambasadóir d'Áras na Scríbhneoirí.

Áine Ní Ghlinn

Scríbhneoir agus file í Áine Ní Ghlinn a bhfuil 26 leabhar scríofa aici.  
Dhá leabhar eile do pháistí ag teacht go luath - Hata Zú Mhamó (Cois Life) agis Hata Oisín (LeabhairCOMHAR).
Celia de Fréine
Is file, drámadóir, scriptscríbhneoir agus aistritheoir í Celia de Fréine. Ocht gcnuasach filíochta atá foilsithe aici go dtí seo. Is iad Cuir amach seo dom : riddle me this (Arlen House, 2014), Blood Debts (Scotus Press, 2014) agus A lesson in Can't (Scotus Press, 2014) na leabhair is deireanaí óna peann.
www.celiadefreine.com


Anna Heussaff
Úrscéalaí í Anna Heussaff. I measc a cuid saothar tá Bás Tobann (Cois Life, 2004) agus Buille Marfach (CIC 2010), leabhair bhleachtaireachta, agus  Hóng  (2013), leabhar ficsin do pháistí. Tá leabhar nua bleachtaireachta amuigh aici le deireanas, Scáil an Phríosúin (CIC 2015)


Éilís Ní Anluain

Eilís Ní Anluain, colúnaí ó am go chéile ar an Irish Times, eagarthóir le Ainm.ie, eagar curtha aici ar Aghaidheanna Fidil agus Púicíní le Muiris Mac Conghail (An Clóchomhar, 2009) agus Creidim Fós agus Aistí Eile le Eoghan ó hAnluain (LeabhairComhar, 2013); agus údar an úrscéil, Filleann Seoirse (Leabhar Breac 2011)

Réaltán Ní Leannáin
Blagadóir, scríbhneoir. Údar 'Turas Ailse' (Coiscéim) agus 'Dílis' (Cló Iar-Chonnacht)

Áine Ní Mhaoldomhnaigh-O Driscoll
Aisteoir, Stiúrthóir, Moltóir, Stiúrthóir Ealaíne an Damer.Léirmheasanna scríofa agus curtha i láthair ar an radio do dhrámaí ag an Project, an Focus, Amharclann na Mainistreach, Amharclann na Peacóige, Amharclann De hÍde, Amharclann an Geata. An Olympia, chomh maith le léirmheasanna do Féile Amharclainne Baile Átha Cliath.
Gearrscéalta, altanna agus léirmheasanna i Feasta,  altanna i  Sunday Miscellany.

Agus beidh ceol curtha ar fáil - arís, ag an phointe seo, ar bhonn deonach - ag Fionn Ó hAlmhain agus Michael Martin (an ceoltóir, chan an polaiteoir)
Fionn Ó hAlmhain

No comments:

Post a Comment

Note: only a member of this blog may post a comment.