Wednesday 22 July 2015

Aoife Brennan



Tá an 'Aoife Brennan' atá sna leabhair seo gnéasach ach leochaileach, ciúin ach cróga. Níl an 'Aoife Brennan' a scríobh na leabhair faoi Aoife Brennan ciúin! Is bean í a sheas do na toghcháin áitiúla in ainneoin bheith ina féimheach.

Thosaigh sí ag scríobh faoi ainm cleite mar go raibh sí ag scríobh scéalta dalba agus ní raibh sí ag iarraidh aiféaltas a chur ar na déagóirí sa teach. Chas sí orm ag lá foilsitheoireachta Penguin anuraidh. Cúpla mí ó shin, chuir sí scairt orm agus ar sí - 'Would you translate one of my durrrty books for me?'

Cé a fhaigheann cuireadh mar sin an dara huair? Cé a dhiúltaíonn do chuireadh mar sin an chéad uair? Ghlac mé leis an dúshlán agus thosaigh mé a léamh, a thochailt, a thaighdiú. Bhí foclóir de dhíth orm nár úsáid mé ariamh. Bíodh is gur béaladán mé ar go leor bealaí, níor thug na mná rialta an foclóir áirithe sin dúinn ar scoil i nGaeilge, i mBéarla ná in aon cheann de na teangacha eile a raibh mé ag gabháil daofa ag an am.

Ach thriall mé liom. Fuair mé frásaí ar bhoird daltai.com ó Dennis agus ó dhaoine aitheanta eile, a bhí ag caint ar an toipic seo blianta fada ó shin. Chuimhnigh mé ar fhrásaí eile a chuala mé ar Rónán Beo. Déarfainn go bhfuil na frásaí a d'aimsigh mé iontach múinte i ndomhan an ghnéis, ach níl an bunBhéarla ró-fhiánta ach an oiread, mar sin tá mé sásta go leor go bhfuil an sainréim teanga ag teacht leis siúd.

Tá blaisín den trí scéilín ar fáil anseo thíos. Má tá an teanga uaibh. Ar mhaithe le fiosracht agus le cúiseanna taighde.








1 comment:

  1. @ níor thug na mná rialta an foclóir áirithe sin dúinn ar scoil i nGaeilge

    Sin í an fhírinne..:-)

    ReplyDelete

Note: only a member of this blog may post a comment.