Monday 12 January 2015

Scríbhneoirí Ban




Chuir sé iontas orm nuair a chonaic mé an póstaer thuas. Snasta, gairmiúil, ach gan ann ach bean amháin, Mairéad Ní Ghráda. Is múinteoir mé le blianta fada. Níl mé sa seomra ranga anois ach tá an dúchas ionam i gcónaí. Ní fhéadfainn póstaer mar sin a chrochadh ar an bhalla, agus neamart déanta aige ar leath na tíre seo. Ní fhéadfainn na súile óga a choimhead ag breathnú ar liosta fear agus iad á gceistiú féin - 'Níl an bealach seo ar oscailt domsa?'

Ainnoin gur scríbhneoirí maithe (marbha) gach duine acu siúd thuas, ní fheicim cén fáth nár cuireadh leithéidí  Siobhán Ní Shúilleabháin. Nó an scríobhaí taistil, Úna Ní Mhaoileoin.

Luaigh mé Peig Sayers sa phlé ar Twitter. Tháinig rabharta tuíteanna ar ais chugam ag míniú nár scríbhneoir í Peig ach gur scéalaí í agus gur scríobhadh a cuid focal síos ag daoine eile  - fir. Scríob siad na focail is suimiúla amach ón taifead agus iad a scríobh, is cosúil. Tuigim sin. Ach le blianta fada is a hainm a bhí i mbéal an phobail agus tá, fós. An gciallaíonn sé seo go bhfuil Máire Ní Ghuithín as an áireamh chomh maith? Gach bean eile de chuid an genre seo?

Lean an plé ar Twitter. Cuireadh an liosta le chéile mar go bhfuil na daoine thuas marbh, Mar go bhfuil se furasta íomhá a chur in airde mar gheall ar chúrsaí cóipchirt. Agus seo é an rud nach dtuigim faoin ghrúpa/tógra seo, Leabhra Feabhra. Cén fáth nach ndíríonn siad ar na scríbhneoirí atá beo agus ag cuartú daoine a léifeas a gcuid saothair? Má tá siadsan buartha faoi chóipcheart, tá na scríbhneoirí seo buartha nach bhfuil a fhios ag daoine go bhfuil a saothar ann,  nach bhfuil léitheoirí á gceannach. Is dóigh liom go bhfáilteoidís roimh phoiblíocht, chan a mhalairt.

Mar shampla - tháinig 'Táinrith' le Biddy Jenkinson amach i 2013. Saothar éachtach. Scríobh mé faoi sa phóstáil deireanach agam anseo. Eanáir 2015.  Fuair mé teachtaireacht ó dhuine a bhfuil fios a ghnoithe aige fá fhoilsitheoireacht na Gaeilge a ghabh buíochas liom mar nach raibh a fhios aige é bheith ann. Duine a cheannaíonn agus a léann leabhar Ghaeilge. Luaigh mé an leabhar in Aibreán 2014 le mac léinn a bhí ag déanamh grinnstaidéir ar shaothar Jenkinson. Ní raibh a fhios aici a leithéid bheith ann. Tá leabhair a bhfoilsiú ach níl siad i mbéal an phobail. Bheadh sé aisiúil dá ndíreodh grúpaí a bhfuil a gcroí istigh sna leabhair orthu seo.

http://www.clarelibrary.ie/eolas/coclare/people/ruadh.htm


Lean an plé trí ríomhphost. Luaigh Aonghus Ó hAlmhain daoine ach bhí siad uilig beo fós...  Faraor. D'aimsigh Máire Nic Aoidh liosta de mhná marbha do Leabhra Feabhra.  Fch. Máire Rua, thuas.

Níl mé ag iarraidh scríbhneoirí a mharú chun iad a aithint, B'fhearr liom iad a choinneáil ina mbeo. Ar an dóigh seo, d'fhéadfaí póstaer le leithéidí Máire Mhac an tSaoi agus Nuala Ní Dhomhnaill a chur ar an liosta (filí). Biddy Jenkinson, Anna Heussaff, Eilís Ní Dhuibhne, Pádraic Breathnach agus Micheál Ó Ruairc. Meascán idir óg agus aosta, fir is mná. Ach iad beo, ag scríobh agus ag iarraidh go leifí a saothar.

Agus nuair a dhearcann páiste  ar phóstaer sa seomra ranga lena leithéid de ghrúpa ann, bheadh gach sí nó sé in ann a rá, 'sin mise, nuair a bheas mé mór'.

2 comments:

  1. Beidh orm dul sa tóir ar Úna Ní Mhaoleoin, ní raibh cloiste agam fúthu. Nodanna ó chuardach Ghoogle gurbh bean spéisiúil í.

    ReplyDelete
  2. tá cúpla ceann dá cuid agam fein, d'fhéadfainn iad a thabhairt duit ar iasacht má tá fadhb agat teacht uirthi.

    ReplyDelete

Note: only a member of this blog may post a comment.