Monday 14 April 2014

Lá Dearg Eile (Cá'l Wally 2?)

Radharc ar Dhuibhis ó Reilig na Cathrach

Bhí an Lá Dearg (Eile) i mBéal Feirste spéisiúil go maith.

Sa Chultúrlann, roimh an mhórshiúil


Bhí go leor páistí beaga i láthair ó na gaelscoileanna, á maoirsiú ag an lucht eagruithe. Níl a fhios agam an aontaím le iad a thógáil amach en masse mar a rinneadh, le bheith fírinneach. Go háirithe nuair atá seans ann go dtógfadh na fleggers raic. Ach sin mo bharúil féin.

fleggers ag cur in éadan an mhórshiúil


Bhí scaifte mór ann, cinnte. Agus an tArdMhéara ansin leis.



Thug sé Domhnach Cásca ar ais chun cuimhne agam. Nuair a bhínn óg (sea, aimsir ghnáthfeckinchaite), bhíodh paráideanna ann i rith an lae. Bhíodh cónaí orm ar Bhóthar na bhFál féin, agus ní bhíodh le déanamh ach rith amach chuig geata an gháirdín tosaigh le hamharc ar aon mhórshiúl a bhí ag gabháil thar bráid. Ceann luath ar maidin ag grúpa IRSP. Ceann eile i lar an lae ag na Stickies, b'fhéidir. Ceann eile nuair a bhí an dinnéar díreach déanta againn ag na Pinheads. Rithimis amach le hamharc orthu agus ansin rithimis isteach arís leis na soithí a ní sula dtiocfadh an chéad dream eile. Ceann eile ina dhiaidh sin ag baicle eile nach raibh a fhios againn cé hiad ach nár aontaigh siad le haon ghrúpa eile. Berets dubha, spéaclaí gréine agus bratacha. Agus ciúnas. Dínit. Meas. Urraim.

Spéaclaí gréine ar roinnt daoine, ag fanacht ar imeacht síos an bóthar


Gach grúpa, ag máirseáil le banna ceoil, nó cúpla banna, b'fhéidir, dá mba rud é gur dhream mór iad. Ach iad uilig ag máirseáil go ciúin, siosmaideach. B'shin an stíl. Dínit, ciúnas, ach gurb é aon cheol a bhíodh ag an bhanna.

éide eile, laethe eile, ach ciúin go fóill


Bhí daoine mar sin ar an Satharn cuid mhaith, ar ndóigh. Ciúin, ag siúl. Ach bhí daoine óga ann chomh maith nach raibh ciúin ná siosmaideach. Bhí Santaí taobh thiar díom le bleedin'  meigeafón ag gabháil fhoinn an bealach ar fad síos, ag maíomh go raibh Santaí ag teacht anocht. Ocht mí le gabháil. Tosaígí ag ceannach anois.

bígí maith - ta sé ag teacht


Sea, bhí an craic maith bíodh is go raibh daoine níos ciúine ná mar a bhí i mBaile Átha Cliath (san áit ina raibh mé féin, beagnach ag an chúl, cibé ar bith). D'fhág mé an mhórshiúl ag lár na cathrach mar bhí dualgaisí eile orm an lá sin, ach bhí sé mór go leor le go gcaithfeadh daoine sonrú a chur ann.


ruball na paráide ag Sráid Duibhise

3 comments:

  1. Tá mé an tUasal Igein Macántacht Izevbehai, ionadaí de Aiicco árachais Ltd, a thabhairt dúinn amach ar iasacht chun difríochtaí aonair le muinín agus onóir. Tugaimid iasacht ag ráta úis 3%. má tá suim agat kindly déan teagmháil linn ar an ríomhphost seo cuideachta: igein_h_yizevbekhai@admin.in.th anois chun dul ar aghaidh le do cháipéis aistrithe iasachta ceart go leor. más gá tú iasacht a bhunú le cuideachta nó scoil go bhfuil tú an-fáilte roimh Aiicco árachas cpt.

    Thabhairt againn go léir cineálacha éagsúla iasachta.
    Iasacht gnó Pearsanta
    Iasacht Tógála.
    Iasacht Tionscadail.
    Iasacht Oideachas do pháistí agus do dhaoine fásta.
    iasacht Carr

    Táimid ag fanacht do iarratas ar iasacht.

    IGEIN IZEVBEKHAI macántacht

    ReplyDelete
  2. Ag siúl a bhíodh na Stickies, a deir tú. Níl sé fíor, mar sin, nach mbídís ach ag caint. ;-)

    ReplyDelete
  3. A Ormondo - nach tú atá dána, dalba....agus nach dea-scéal é go bhfuil turscar á fháil againn trí Ghaeilge anois. Tá mé chun é a fhágáil ansin mar chruthúnas go bhfuil a leithéid ár gcrá ....

    ReplyDelete

Note: only a member of this blog may post a comment.