Friday 28 March 2014

Mí Náisiúnta Limféidéime



Tá an chéad Mhí Náisiúnta Limféidéime beagnach thart. Ar thug sibh faoi deara? Níor thug mé féin ach an oiread. Agus tá limféidéime orm.

Bhí mé ag caint ar an teilí mar  gheall ar an dóigh a ndeachaigh ailse i bhfeidhm orm agus is í an limféidéime is mó a tháinig chun cinn ann. Ach ní raibh a fhios agam gur mí náisiúnta a bhí ann don bhail seo atá orm. Mar nach bhfuil maoiniú ar bith ann chuige. Ní raibh ariamh.

Cé mhéad duine a bhfuil seo orthu? Níl a fhios ag éinne, mar níl éinne ag cruinniú figiúirí. Mar nach bhfuil maoiniú ann le déileáil leis seo ar bhonn náisiúnach. Má thagann limféidéime ort beidh an t-ádh leat fáil chomh fada le clinic (i.e. fisiteiripeoir amháin in ospidéal a bhfuil lipéad 'feabhais' air). Beidh an t-ádh leat má tá airgead agat le híoc as na bunriachtanaisí chun an bhail seo a choinneáil faoi smacht (agus is smacht atá i gceist, chan leigheas, mar nach bhfuil leigheas ar bith ann), mar is léir ón alt thuas.

Ach bímis dóchasach. Nach bhfuil muid faoi fhaireachas fonnmhar an Troika? Nach bhfuil muid ag teacht amach as an fhaopach geilleagair ina raibh muid? Nach bhfuil an saol maith?


No comments:

Post a Comment

Note: only a member of this blog may post a comment.