Thursday 26 July 2012

Maria agus an Dún

Baile na gCaorach, Íochtarach

Bhuail mé isteach chuig Maria ag an deireadh seachtaine. I gContae an Dúin. Tá an tuaisceart lán Maria, Máire, Marie, Mary...

Thug na dochtúirí sé mhí don Mharia seo. Bhí sí daichead a hocht ag an am. An aois chéanna liom féin. Trí bliana ó shin. Agus - agus beidh dóchas againn gur mar seo a leanann - níl fás ar bith ann anois le sé mhí agus í ar Arimidex. Ag smaoineamh ort agus ag ceiliúradh leat, a Mharía. Tá na cnámha ar nós páipéir agus na matáin ag gearáin, ach níl tú féin ag gearáin.

2 comments:

Note: only a member of this blog may post a comment.