Saturday 12 May 2012

Majella



Cuireadh Majella an tseachtain seo caite. Bhí sí i gcoimhlint leis an ailse ó 1999 go dtí 2012.  Ní coimhlint ach streachailt a bhí ann le ceithre bliana anuas. Agus le míonna anuas, moirfín gach cúpla bomaite agus gaolta is cairde ag síorfhaire.Go dtí nach raibh sí in ann ól. Mhair sí cúig lá eile.

Na laethe deiridh sin, bhuail sé liom go raibh deireadh saoil níos fearr ag mo chat ná mar a bhíonn ag daoine. Nuair a tháinig Tabby chuig an riocht sin ina saol anuraidh, chuidigh an tréidlia léi suaimhneas a fháil níos gaiste ná mar a ceadaíodh do Mhajella bhocht.

Ag cén pointe a ligimid don leigheas an bua a fháil thar an chorp daonna? Má tá duine réidh le himeacht, idir an phian agus an crá croí, ach coinníonn leigheas an lae atá inniu ann beo é/í, an bhfuil cead ag daoine eile toil an duine sin a threascairt?

Tá a fhios agam gur gort achrannach é seo. Bíonn daoine faoi strus agus in anacair. Agus is deacair smaoineamh ag na hamanna seo. Ach ag an phointe go n-athraíonn meas don duine go dímheas don duine ar leith, tá athbhreithniú de dhíth.

3 comments:

  1. Gort achrannach cinnte. Sílim gur ga idirdhealú idir diúltú do leigheas a chuirfidh faid le saoil (pianmhar), agus gníomh a bhrostaíonn an bás. Meas don duine croí an scéil.

    ReplyDelete
  2. Uaireanta creideann oinceolaí nó máinlia go bhfuil comhrac aonair ar siúl idir é féin agus an ailse, nó galar eile mar sin. Níl duine mar sin sásta géilliúnt gan chuile rud atá ina armlann a úsáid. Láthair chatha a fheiceann seisean, ní duine daonna. Cé go bhfuil a fhios aige nach féidir leis an namhaid a chloí sa deireadh, bíonn sé sásta X,Y nó Z a thairiscint mar sin féin. Ansin faigheann an duine daonna/blár catha cúpla mí pianmhar agus an-chostasach eile.

    Tá áthas orm a rá, áfach, go bhfuil an ollscoil anseo chun tosaigh chun “patient centered medicine” a mhúineadh, go háirithe sa Palliative Medicine Fellowship Program, atá ag dul ó neart go neart. Tá aithne agam ar chuid de na dochtúirí atá ag obair ansin.

    ReplyDelete
  3. An bhean bhocht. Suaimhneas anois, go raibh agat, a Majella.

    @ Láthair chatha a fheiceann seisean

    Tá sé sin cloiste agam, go deimhin.

    @ Meas don duine croí an scéil.

    Aontaím. Ní dóigh liom go mba cheart go mbeadh ar aon duine pian a fhulaingt, más féidir é a sheachaint.

    @ gort achrannach

    Tá an ceart agat, a Réaltán.

    ReplyDelete

Note: only a member of this blog may post a comment.