Sunday 1 May 2011

Máire


Tá aithne agam ar Mháire leis na blianta fada. Casaimid ar a chéile gach samhradh mar go stopann muid sa bhaile céanna ar laethe saoire, Baile Uí Fhearnáin i gContae an Dúin. Tá teach ar léas ag mo dheartháir ann, i seanchampa RAF ón dara cogadh domhanda. Bhíodh sé ar léas ag mo thuismitheoirí roimhe sin agus tá cuimhní óige ag baint leis an áit, chomh maith le háilleacht nádúrtha agus tránna agus na Beanna Boirche ar thaobh amháin, Loch Cuan ar an taobh eile.

Tá Máire sna daichidí, cúpla bliain níos óige ná mé féin. Tá an chlann fásta aníos agus téann sí síos go dtí Baile Uí Fhearnáin go mion minic, ag siúl cnoc is sliabh. Agus i mbliana d'éirigh léi aisling a chur i gcrích nuair a thóg sí féin agus a fear chéile teach 'ceart' ar an bhaile, in áit na seanbhotháin RAF atá ag an chuid eile againn! Tá uisce reatha te aici....luxury!

Ach bhuail mé isteach chuig an teach nua galánta ar ghnoithe eile, faraor. Fuair sí drochscéala i mbliana. Tháinig siad ar ailse i gcnap ar a brollach, ach ina dhiaidh sin fuair siad amach go bhfuil ailse ann chomh maith san ae agus i scámhóg. Beidh leigheas maolaitheach curtha ar fáil, ach ní bheidh aon bhiseach i ndán di. Beidh samhradh amháin aici sa teach nua galánta, ach ina dhiaidh sin ní féidir tairngreacht ná tuar a dhéanamh.

Sular bhuail mé isteach, shuigh mé síos agus chaoin mé ar feadh tamaill. Ní fiú bualadh isteach agus gol a dhéanamh ar an láthair, mar a rinne daoine liomsa. Tacaíocht atá de dhíth, ní ceart tacaíocht a lorg ón duine tinn mar gheall ar chomh holc is a mhothaíonn tú féin!

Sin déanta, bhí mé ag iarraidh rud éigin beag, bronntanas de shaghas éigin, a bhreith liom. Cad a cheannaíonn tú? Rinne mé liosta de na rudaí is mó a chuidigh liom:
1. Macmillan - comhairliú agus reifléacseolaíocht
2. Hats 4 Heads - buffanna agus hataí do mo chloigeann maol
3. Uachtar do na cosa agus na lámha - éiríonn an craiceann an-tirim
4. Púicín codlata do na súile - leis an solas a choinneáil amach ag dul a chodladh san ospidéal nó i rith an lae ghil

3 agus 4. Uachtar deas gan paraben gan SLS, agus púicín mín.

Bhuail mé isteach aici. Thuig mé go raibh glacadh léi leis an scéal taobh istigh d'achar an-ghearr ar fad ar fad. Léirigh sí crógacht agus suaimhneas. Ach bhris sé mo chroí agus í mo threorú thart ar an teach nua, snasta, glan, glioscarnach. Boladh péinte is adhmaid, loinnir ón chriadóireacht nua, solas gréine ag lonradh ar na fuineoga úrnua. Agus meascán de bhród, de dhóchas agus de thuiscint ina súile.

Turas fada ó Bhaile Átha Cliath go Baile Uí Fhearnáin, ach beidh mé istigh arís aici.

3 comments:

  1. Comhairle mhaith. Go raibh maith agat.

    ReplyDelete
  2. Leis an scéal seo, chuir tú mo bheannachtaí féin i gcuimhne dom, a Réaltán. Táim buíoch díot.

    @ 'meascán de bhród, de dhóchas agus de thuiscint ina súile'

    Chonaic mé an ní sin i súile cara liom, geábh. An galar damanta sin...

    ReplyDelete
  3. Mo chuimhne, sin comhairle iontach a roinn tú linn. Go raibh maith agat, a chara.

    ReplyDelete

Note: only a member of this blog may post a comment.