Saturday 9 October 2010

Histireachtóime


I ndiaidh domh gabháil trí scian, chaemo agus raidaiteiripe, bhí cúig blianta de phiollaí le tógáil, druga darb ainm Tamoxifen. Tá mé ag tógáil iad seo chun bac a chur le déanamh éastraigine, mar bhí an éastraigin ag beathú m’ailse.

Cruthaíonn an Tamoxifen fadhbanna beaga ann féin - deacrachtaí gabháil a chodladh, taomanna teo-allais, pianta sna cosa, tinneas cinn, dúlagar… Ach tá baint ag an druga le hailse broinne chomh maith, agus sin ailse amháin atá go mór imo chlann. Away liom le labhairt leis an ghéineolaí, agus ansin leis an ghínéiceolaí. Agus dáta socraithe don díbhroinniú.

Ní rud mór a bhí ann ar chor bith domh. Cén fáth an ndéanfainn a mhór de? Bhí mo chlann fásta aníos – chomh fada is a fhásann do chuid páistí aníos ariamh – agus bhí go leor de chomharthaí an tsosa míostraithe agam cheana ón Tamoxifen. Agus bhí siad in ann é a dhéanamh le mainliacht mionchró. A bhuíochas leis seo, bhí mé imo sheasamh agus ag siúl thart an lá dar gcionn!

Chuir sé iontas ar lucht an ospidéil a shuaimhneach is a bhí mé. Ach ní raibh mé buartha faoin díbhroinniú ar chor ar bith. Chan i ndiaidh chaemo. Bhí mé ní ba bhuartha leis an líon banaltraí nár thuig limféidéime agus nach raibh cleachtaithe leis an bhainistiú. Bhí mé breá bríomhar bunús an ama sa ospidéal, ach is mór an gar mar rinneadh iarracht tar éis iarracht brú fola a mheas ar am lámh leis an limféidéime. No-no atá ann, ní cead cufa bhrú fola ná snáthaid a úsáid ar an láimh. Ach uair i ndiaidh uaire, bhí orm é seo a mhíniú do bhanaltra i ndiaidh banaltra. Fiú san obrádlann.

Coicís ina dhiaidh bhí mé ar ais ag tiomáint agus ag siúl. Tá mé níos raimhre agus níos tuirsí ná mar bhí, ach is beag an praghas é ar shuaimhneas intinne.

So…..sin mé. Díchíochaithe, díbhroinnithe, ar leathláimh. Buíochas mór leis an saol go bhfuil mo chuid fiacla féin agam…

No comments:

Post a Comment

Note: only a member of this blog may post a comment.