Wednesday 22 September 2010

Dúlagar


Tig tú tríd an díchíochú, an chaemo, an radaiteiripe agus síleann tú go bhfuil tú réidh, gur sin sin. Agus ansin buaileann an limfeidéime, agus de phreab tá bail ort a leanfaidh thú gach lá de do shaol. Ní bhíonn an bhail seo feiceálach, ach cuireann sé isteach ar ghnáthlaethúlacht an tsaoil agat. Ar dtús, tig lionn dubh ort, agus i mo chás-sa, lean dúlagar é seo. Tá baint idir Tamoxifen – druga a stopann an hormón éastraigin sa chorp – tá baint idir é agus dúlagar. Ní fios cé acu an limfeidéime nó an druga a ba chúis leis an dúlagar, ach ní cuidiú ar bith é an limfeidéime!

An cuidiú is fearr ná an dochtúir agus na piollaí áthais. Glac iad más gá iad. Ná lean ag streachailt leat féin.

No comments:

Post a Comment

Note: only a member of this blog may post a comment.