Tuesday 15 December 2009

Intreoir

D’oibir mé le Máire Ní Chéilleachair blianta ó shin. Fuair sí bás roimh a ham roinnt blianta ó shin ón ailse, agus d’fhág sí daoine ina diaidh a choinnigh gean di, mé féin ina measc. Duine an-phríobháideach ab ea í Máire. Agus go lá a báis, níor scaip sí scéal a galair go réidh. Fuair mé féin amach de thaisme, le linn comhrá, ag tabhairt síob di trasna na cathrach i mBaile Átha Cliath. Cúpla bliain ina dhiaidh sin bhí sí marbh.
Duine fíorfhlaithiúil a bhí inti. Agus mé ag iompar clainne sna hochtóidí i Luimneach – gan bheith pósta – (agus nach scéal ar leith é sin) thug sí dídean agus aire domh ar feadh tréimhse, nuair a bhí boic na sráide i Luimneach ag tabhairt íde béil domh, na máithreacha móra-le-bheith ar a ndícheall ag iarraidh scéal an iompair a choinneál faoi cheilt, agus altra san ospidéal i Luimneach ag déanamh a díchill ‘múineadh a chur orm’.

D’oibir mé fosta le fáthach séimh darbh ainm Mick Boran i gColáiste Phobail Leamhcáin in Áth Cliath. Bhí Mick mór míofar ach chomh bog le him. Chuaigh sé in éineacht liom ar thuras scoile go Béal Feirste, ag tabhairt cuairt ar Stormont agus ar an Chultúrlann araon. Agus ag stopadh ar Bhóthar na bhFál chun snaps a thógail de na ‘murials’, ar ndóigh! Bhain sé an-sult as an lá sin, agus as sult na ndaltaí a thógamar linn.
Fuair sé bás tobann agus é ag cuidiú le cluiche peile a raibh a chuid mac ag imirt ann. Ba é seo an splanc a chuir mé ag smaoineamh ar chúpla eachtra a dhéanamh imo shaol, mar tá an saol gearr, agus mo pháistí tógtha, a bheag nó a mhór. Agus is dóigh liom gurbh é Mick an duine a ba chúis liom mo shaol a fhaidiú, nó is mar gheall ar a bhás luath gur chinn mé tosú ar jab nua in Ollscoil na Ríona i mBéal Feirste. Saol gearr, saol lán an mhana nua a bhí agam. Agus ach gurbh é Mick, ní chuirfinn isteach ar an jab, agus ach gurbh é an jab, ní bhfaighfinn mamagram sna daichidí domh, agus bheinn ag siúl thart i nganfhios go fóill, gach seans, agus an ailse ag spréadh tríd mo chorp.

Agus daoine a chur i gcuimhne agam, fuair triúr múnteoir eile bás ón ailse le linn domh bheith ag tabhairt faoin leigheas: Carol Meehan, a rinne streachailt chrua ar feadh sé bliana; Don Ó Niocaill, ar tháinig an galar aniar aduaidh air; agus Linda Clarke, a fuair bás go ró-ghasta ón ailse. Dúirt cara liom gur chosúil le plá an ailse i measc a chuid cairde. Tuigim dó. Bhí plá dár gcuid féin againn sa scoil i Leamhcán.

No comments:

Post a Comment

Note: only a member of this blog may post a comment.