Saturday, 20 August 2016

Aithníonn feimineach feimineach eile*

Rónán Mac Aodha Bhuí
Tá rud ag dó na geirbe dom ó inné. Inné bhí mé i mo shuí ar bhruach na canálach i mBaile Átha Cliath ag comhrá le Rónán Mac Aodha Bhuí. Bhí sé pléisiúrtha bheith amuigh inné.  Bhí sé tirim, tráthnóna inné. Ní raibh sé chomh fuar sin ach bhí an fómhar linn ina sholas agus ina thaise san aer, cinnte. Chan ionann agus maidin inniu, an ghaoth ag gearáin i mo shimléar ar maidin, an fhearthainn ag bualadh a poirt  gan stad ar dhíonta na gcarranna.

Bhí muid inár suí ar bhinse ag plé feimineachais do chlár a bheas ag teacht ar TG4 faoi Rónán amach anseo. Is feimineach é Rónán, níl aon dabht ann faoi sin, agus bhí sé ag caint le Gob-ar-cíos Ní Leannáin, feimineach eile.

Bhí go maith is ní raibh go holc. Ach bhain sé stangadh as, mar Rónán, nuair a dúirt mé gur tharla gluaiseacht na mban  ó 1970 ar aghaidh ó dheas, chan ó thuaidh. Bhí sé ag iarraidh a chíoradh, agus tá mé ag déanamh mo mhachnamh air ó shin. Is rud é a bhfuil mé cinnte, diongbhálta faoi, ach bhí orm suí le mo chupán tae ar maidin, éisteacht leis an ghaoth agus cuimhniú ar an tréimhse sin de mo shaol.

Cad chuige nach ndeachaigh gluaiseacht na mban i bhfeidhm ó thuaidh an oiread sin mar a chuaigh ó dheas? In ainneoin an oiread cearta 'breise' bheith ag mná ó thuaidh ag tús an tréimhse sin - teacht ar frithghiniúint, cearta airgid, cearta fostaíochta, cearta mhaoine - níor dhearna mná an oiread dul chun cinn sna sé chontae agus a chonaic mé nuair a bhog mé ó dheas sna nochtóidí.

Cad chuige seo?  Tá cúpla snáth sa scéal, is dócha. Bhí 'An Chúis' (poblachtánachas/náisiúnachas) ina chuid mhór de seo, is dóigh liom. Mar sin de, 'éist do bhéal a bhean-ó agus caith chugam an gunna sin.' Ní raibh spás ann do chearta ban.

Mar gheall ar Na Trioblóidí agus An Pholaitíocht le P Mór a bhí ann ag an am, ní raibh spás ann do pholaitíocht le p beag. Ach má bhí, bhí sí suaite isteach i bPolaitíocht P Mhóir  - ar nós na bpríosúnaithe i Maigh gCabraí, Bhí cearta na mban úsáideach má d'fheil sé don Chúis, ach taobh amuigh de sin bhí sé deacair dul chun cinn a dhéanamh. Bhí mná faoi leatroim, mar a bhí ó dheas, ach ina dhiaidh sin bhí siad stoite ina bpobail éagsúla - náisiúnach, aondachtach, meánaicmeach, íosaicmeach.  Ní neart go cur le chéile is ní raibh aon teacht le chéile idir na pobail ach go hannamh. Bhí sé dodhéanta dul chun cinn fiúntach a dhéanamh fhad is a bhí siad ag feidhmiú taobh istigh de fhráma na dTrioblóidí. Bhí cúrsaí marthanais chun cinn seachas cúrsaí p bhig.

P Mór
Ar ndóigh, bhí an eaglais iontach glórmhar agus gníomhach agus cuiditheach le Polaitíocht an P Mhóir i rith an ama seo. Agus bhí siad lán chomh glórmhar faoi na dualgaisí a bhí ar mhná, rud a d'fhág mná faoi mhíbhuntáiste. Ba chara sa chúirt iad do Pholaitíocht na sagairt, ach choinnigh siad an pholaitíocht siar tamall maith. A Mhor na Glóire, bhí siad níos tógtha faoi mhná ag baint an mhantilla dá gcloigeann istigh san eaglais - na straipeanna.

Tá mé i ndiaidh ransáil trí mo chuid dialanna  - ba chailín cailíní mé, choinnigh mé dialann leis na blianta sna déaga. Thosaigh mé á coinneáil i nGaeilge chomh luath is a bhí mé in ann, ar mhaithe le príobháideachas (bhí ceathrar againn i mbuncanna in aon seomra amháin, ar nós go leor eile, agus gan ach bean amháin le Gaeilge - mé féin).

Bhí mná óga ag imeacht as radharc gan choinne. Go Meiriceá, ag obair, a dúradh os ard. Os íseal, bhí sé ráite go raibh siad curtha chun siúil chuig na mná rialta thíos faoin tír le go mbeadh páiste gan choinne acu. Scríobh siad cártaí poist agus litreacha amhail is dá mba i Nua Eabhrac iad, ach gur cuireadh trasna na dtonnta iad le cur sa phost thall, le cur i gcéill na finscéalaíochta a choinneáil beo.  Ansin bheidís in ann teacht ar ais agus a gcuid 'A' leibhéal a chríochnú. Ach ní fhacthas duine ar bith acu seo riamh arís.

http://www.trekearth.com/gallery/Europe/Ireland/South/Dublin/photo1390182.htm
Sna hochtóidí, is cuimhin liom mná óga pósta nach raibh in ann piolla a thógáil - ar dhá chúis. Ní thabharfadh an dochtúir teaghlaigh oideas amach, in ainneoin é bheith dleathach ó thuaidh - mar ní raibh an fear céile sásta go mbeadh an piolla á thógail ag a bhean. Agus in ainneoin is go raibh clinicí poiblí sláinte ann a bhféadfaí gabháil chucu agus an piolla a fháil, bhí eagla nó leisc ar na mná oideas a fháil uathu siúd mar nach raibh an fear céile sásta go mbeadh sí ag glacadh a leithéid de rud. Agus cén fath nach raibh a fear céile sásta? Mar gur dhúirt an sagart é.

Arlene Foster
Níl mé ag maíomh ach an oiread gur ar Chaitliceachas ar fad a luíonn an leatroim seo ar mhná. Tá Protastúnachas ó thuaidh chomh crua céanna, don chuid is mó de -   na Preisbitéirigh Shaora, na Preisbitéirigh AthOrdaithe, na Brethren agus an iliomad grúpa eile -  tá siad méanaoiseach ina ndearcadh ar mhná. Arlene Foster féin, an Príomhaire agus ceannaire an DUP, mar shampla. An lá gur toghadh í ina ceannaire, dúirt fear ina páirtí féin - Edwin Poots -  gur lá bródúil a bhí ann di, ach cinnte gurbh é an dara la is bródúla ina saol, ná ní fhéadfadh aon rud eile bheith níos tabhachtaí ná an lá go ndearnadh máthair di. Bheith ina máthair, ina hiníon, ina bean chéile, bhí sé sin níos tabhachtaí ná aon rud eile.

2016, gan trácht ar 1970...

*an rud is ait...


Saturday, 9 July 2016

Cvetka agus Sliocht an Chú

Cvetka Bevc ag síniú leabhar na gcuairteoirí i Scoil na bPiarsach
Tá nós nua ag muintir Mhic Fhionnlaoich, muintir a shíolraigh ó Chú Uladh, Peadar T. Mac Fhionnlaoich. Tagann siad le chéile uair sa bhliain i Scoil na bPiarsach i Rath Fearnáin, Scoil Éanna. Bhí mic le Peadar T. ag freastal ar an scoil, agus go leor acu páirteach san Éirí Amach i 1916 dá bharr sin.

I mbliana, bhí aoi acu ón Slovéin, Cvetka Bevc. Tá Cvetka abhus le haghaidh tréimhse cónaitheachta le Focail Eile, an scéim Eorpach a ndeachaigh mé chun na Freaslainne leo. Tá Cvetka anseo i mBaile Átha Cliath  trí sheachtain anois, agus tháinig sí linn inniu (is Mac Fhionnlaoich é An Polaiteoir) agus chuaigh sí ar thuras thart ar an teach. Agus picnic ina dhiaidh sin. Stop an fhearthainn don tráthnóna, a bhuí mhór le Mor.

Cvetka sa halla
An treoraí bocht, Alan Phelan. Rinne sé éacht inniu, ag buachailleacht na gcat. Bhí daoine ansin nach bhfaca a chéile le bliain, an t-am seo anuraidh san áit chéanna. Agus bhí siad ag cabaireacht is ag geabaireacht lena chéile le linn an turais. Agus cheartaigh siad é, cúpla uair, nuair a bhí leagan eile de cibé scéal a bhí aige cluinthe acu óna muintir féin sa bhaile. Mor idir sinn agus sliocht na réibiliúnaithe...

Alan Phelan, an treoraí foighdeach
Ach bhí go maith is ní raibh go holc. D'fhoghlaim mé go leor ó threoraí an dea-ghiúmair agus bhí an aimsir go hiontach don phicnic.

Cvetka san iarsmalann
an tábla búistéara ar ar dícheannaíodh Robert Emmet, de réir na Tána
Go mbeirimid beo ag an am seo arís.